Baile/Home

Tá muid ag reáchtáil féile pobail úrnua, “BRÓD na Gaeltachta”, anseo i gCloich Cheann Fhaola idir an 18ú – 23ú Iúil.

Féile le cur chuige ionchuimsitheach a bheas ann, ach béim láidir ar an phobal LADTAI+ anseo sa Ghaeltacht. Beidh an fhéile dátheangach ach beidh tús áite i gcónaí ag an Ghaeilge.

Beidh go leor éagsúlachta ar fáil don phobal ar fad ionas go mbeidh achan aois agus inscne ábalta spraoi agus sult a bhaint as. Beidh drámaí, ceol, filíocht, léachtaí, ranganna Gaeilge, siúlóidí, ceardlanna, damhsa, taispeántais, scannáin agus go leor eile ar siúil, mar aon le mórshiúl carnabhail agus CLUB LUGH ar an 23ú le BRÓD a cheiliúradh. Beidh muid ag súil do dtiocfaidh go leor grúpaí eile ó lasmuigh den cheantar isteach go Cloich Cheann Fhaola le ceiliúradh leis an phobal anseo.

Beidh muid ag obair i gcomhpháirtíocht le Pobail le Chéile agus Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola le go mbeidh béim láidir agus tús áite ag an teanga.

Tá sé mar aidhm againn tionscadail chruthaitheacha a roinnt leis an phobal agus spás a chothú do Ghaeil aiteacha anseo i gcroílár na Gaeltachta.

Begin typing your search term above and press enter to search. Press ESC to cancel.

Back To Top