Maidir Linn/About Us

Féile pobal-eagraithe, dátheangach, bunaithe in 2022 i nGaeltacht Chloich Cheann Fhaola leis an phobal LADTA+ a chéiliúradh. Tá sraith spleodrach imeachtaí á n-eagrú againn idir an 18-23 Iúil. Fáilte roimh chách. Bí linn!

Beartas Teanga

Mar dhaoine Gaeltachta muid féin, aithníonn muid gur ceantar dátheangach atá sa Ghaeltacht. Gidh go n-aithníonn muid gur dátheangachas éagothrom is ea é seo, agus go bhfuil ról lárnach ag an Ghaeilge inár bhféiniúlachtaí agus cultúr, aithníonn muid chomh maith go bhfuil go leor ann inár bpobal sa lá atá inniu ann nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu. Mar sin, tá féile dátheangach agus ilteangach beartaithe againn, ionas go mothóidh achan duine go bhfuil áit ann dóibh ag Bród na Gaeltachta.

An Fhoireann

Pól Penrose
Aisteoir, gníomhaí agus gaeilgeoir is ea Pól Penrose.

Marc Mag Riada
Forbróir bogearraí, gníomhaí pobail, ceoltóir agus díograiseoir staire is ea Marc Mag Riada.

Brian Lacey
Seandálaí agus staraí de chuid luath-mheánaois na hÉireann is ea Brian Lacey, údar an leabhair “Terrible Queer Creatures: Homosexuality in Irish History.” Ba ghníomhaí aerach é i nDoire sna 70í, 80í, agus 90í.

Sam Ó Fearraigh
Scríbhneoir agus file is ea Sam Ó Fearraigh, as Gort a’ Choirce i gCloich Cheann Fhaola. Is ball é den chomharghrúpa ealaíona aiteach Aerach.Aiteach.Gaelach agus de Mhisneach, grúpa a bhíonn ag feachtasaíocht ar son chearta teanga na nGael.

Mel Bradley
Tá Mel Bradley ina gníomhaí aiteach, feimineach le fada an lae. Ealaíontóir is ea í a úsáideann a hardán ar mhaithe le cearta LADTIA+ agus feimineacha. I measc an taithí atá aici go dtí seo, ba í an “Feimineach Aiteach” sa togra “An Leabharlann Daonna,” is iar-eagraí de chuid Foyle Pride í, is í scríbhneoir cónaithe Rainbow Project Derry, agus is scríbhneoir í ar thogra Playhouse Derry “Proud to Be,” dráma beo-chraolta scríofa agus stáitsithe le linn na dianghlasála a chíorann cúrsaí LADTIA+ i saol Thuaisceart Éireann. Is áisitheoir í i réimse na ndán cruthaitheach le fócas ar leith ar cheisteanna éagsúlachta agus ionchuimsithe.

Isabel Ní Chuireáin
Is ceoltóir í Isabel Ní Chuireáin as An Fhál Carrach i gCloich Cheann Fhaola.

A community-organised bilingual Pride festival, founded in 2022 in the Cloich Cheann Fhaola Gaeltacht to celebrate the LGBTQ+ community. We are organising an exciting variety of events from18-23 July. All are welcome. Join us!

Language Policy

As Gaeltacht people ourselves, we recognise that the Gaeltacht is a bilingual region. Although we know this is an uneven bilingualism and although we recognise the central role Irish plays in our identities and culture, we also recognise that there are many in our community today who do not speak the language fluently. Therefore, we have decided to plan a bilingual, indeed multilingual, festival so that everyone can find their place at Bród na Gaeltachta.

The Team

Pól Penrose
Pól Penrose is an actor, activist and gaeilgeoir.

Marc Mag Riada
Marc Mag Riada is a software developer, community activist,musician and local history enthusiast.

Brian Lacey
Brian Lacey, an archaeologist and historian of early medieval Ireland, is the author of the book: ‘Terrible Queer Creatures: homosexuality in Irish history’. He was a gay activist in Derry in the 1970s, ’80s and 90’s.

Sam Ó Fearraigh
Sam is a writer and poet from Gortahork in Cloich Cheann Fhaola. He is a member of the queer arts collective Aerach.Aiteach,Gaelach as well as Misneach, a group which campaigns for Irish-language rights.

Mel Bradley
A long time queer feminist activist, Mel Bradley is an artist who uses her platform to campaign for LGBTQIA+ and feminist rights. Her background includes being: the ‘Queer Feminist’ human book in the Human Library, a former organiser of Foyle Pride Festival, writer in residence with the Rainbow Project Derry, writer on the Playhouse Derry’s project ‘Proud To Be’, a live-streamed play written and performed during lockdown exploring the issues of being LGBTQIA+ living in Northern Ireland, and a creative arts facilitator who specialises in issues of diversity and inclusion.

Isabel Ní Chuireáin
Isabel Ní Chuireáin is a musician from An Fál Carrach.

Begin typing your search term above and press enter to search. Press ESC to cancel.

Back To Top