Club Bród

Event Date:
23 July 2022
Event Time:
19:30
Event Location:
An tSean Bhearic
Ceol – Filíocht – Craic – Rí Ra agus Damhsa
Ciara Ní É
Is scríbhneoir, gníomhaí agus craoltóir í Ciara Ní É. Bhí sí ar an liosta ‘100 Women Changing Ireland in 2022’ de chuid an Irish Examiner. Tá sí mar ealaíontóir cónaithe leis an Dublin Fringe Festival faoi láthair, bhí sí mar Scríbhneoir Cónaithe DCU 2020 agus is ambasadóir í le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann.
Colm Mac Gearailt
Is aisteoir, file, agus staraí é Colm Mac Gearailt, as Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí.
Ceapadh é mar an chéad ‘File Cónaitheach’ riamh sa Díseart, An Daingean, i 2021. Mar chuid de seo bhíos ag cur filíocht ó bhéal chun cinn i gCorca Dhuibhne.
Sam Ó Fearraigh
Scríbhneoir agus file is ea Sam Ó Fearraigh, as Gort a’ Choirce i gCloich Cheann Fhaola. Is ball é den chomharghrúpa ealaíona aiteach Aerach.Aiteach.Gaelach agus de Mhisneach, grúpa a bhíonn ag feachtasaíocht ar son chearta teanga na nGael.
Mel Bradley
Is ealaíontóir focal labhartha, scríbhneoir, déantóir amharclainne, ealaíontóir ilmheán agus aisteoir í Mel Bradley. Bailitheoir scéalta mná nár insíodh. Is feimineach neamhbhalbh aiteach í le guth macánta agus oibseisiún mífholláin leis an Mhaighdean Mhuire. Deir sí féin gurb é ginias cruthaitheach atá inti agus chomh luaineach leis an ngaoth. Thosaigh sí a gairm focal labhartha mar “slam poet” agus anois tá trí seó focal labhartha agus dráma amháin deánta aici.
Tuath
Is banna ilteangach, turgnamhach trip-hop/rac iad Tuath le blas sícideileach bunaithe i Dhún na nGall.
Ciara Ní É
Ciara Ní É is a writer, activist, and broadcaster. She was chosen as one of the Irish Examiner’s ‘100 Women Changing Ireland in 2022’. Ciara is currently Artist in Residence with the Dublin Fringe Festival, she was Writer in Residence at DCU in 2020, and she is an Irish Writers Centre ambassador.
Colm Mac Gearailt
Colm Mac Gearailt is an actor, poet and historian from Corca Dhuibhne, Co Kerry. He was the first poet in residence in an Díseart, An Daingean, in 2021. Central to this he worked to promote the spoken word in Corca Dhuibhne.
Sam Ó Fearraigh
Sam is a writer and poet from Gortahork in Cloich Cheann Fhaola. He is a member of the queer arts collective Aerach.Aiteach.Gaelach as well as Misneach, a group which
campaigns for Irish-language rights.
Mel Bradley
Mel Bradley is a spoken word artist, writer, playwright/ theatre-maker, multimedia artist and actor. A gatherer of the untold stories of women. An outspoken queer feminist performer with a candid voice and an unhealthy obsession in the Virgin Mary. A self-described creative genius with the attention span of a gnat who began her spoken word career as a slam poet and now boast three spoken words shows, and a play.
Tuath
Tuath is a multilingual, experimental trip-hop/rock band with hints of psychedelia and shoegaze, based in Donegal, Ireland.